Bí ar an airdeall faoi na coireanna éagsúla a dhéantar do dhaoine.
Foréigean ar dhuine
I gcás foréigin ar dhuine, is féidir go n-áirítear ciapadh, ionsaí, robáil agus dúnbhású.
Foréigean bunaithe ar inscne
Is ionann foréigean atá bunaithe ar inscne agus foréigean a dhírítear ar dhuine mar gheall ar inscne an duine sin nó foréigean a dhírítear ar inscne faoi leith go díréireach. Is féidir go n-áirítear leis sin foréigean ar mhná, foréigean teaghlaigh ar mhná, ar fhir nó ar leanaí atá ina gcónaí san aonad teaghlaigh céanna.
An tseineafóibe
Is ionann coir fuatha sheineafóibeach agus cion coiriúil a spreagtar trí chlaontacht, naimhdeas nó réamhchlaonadh i dtaobh daoine mar gheall ar an nginealach, an bunús náisiúnta nó an bunús eitneach atá acu nó a shíltear a bheith acu. Go ginearálta is dearcadh, réamhchlaonadh nó iompar é a dhiúltaíonn, a eisiann agus go minic a mhaslaíonn daoine nó grúpa, bunaithe ar an tuairim gur daoine ón taobh amuigh nó eachtrannaigh iad sa phobal, sa tsochaí nó ó thaobh fhéiniúlachta náisiúnta.
Fóibe faoi dhuine LADTIA
Is ionann coir fuatha frith-LADTIA agus cion coiriúil a spreagtar trí naimhdeas nó réamhchlaonadh i leith daoine atá (nó a bhraitear a bheith) LGBTIQ LADTIA. Déanann LADTIA tagairt do dhaoine atá leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscne, idirghnéasach nó aiteach.
Foréigean ar leanaí
Áirítear le foréigeann in éadan leanaí gach cineál díóbhála, lena n-áirítear foréigean fisiciúil nó meabhrach, gortú nó mí-úsáid, faillí nó cóireáil fhaillíoch, drochíde nó dúshaothrú, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach in éadan leanaí. Is iomaí cineál atá ann agus is féidir le duine ar bith é a dhéanamh, lena n-áirítear iad siúd atá cóngarach don leanbh nó a bhfuil údarás acu air (m.sh., tuismitheoirí, gaolta, baill foirne oideachais nó cúramóirí).
Support and help
There are local and national organisations that can help you deal with the effects of crime and violence, provide support, and explain the rights victims have.
Find help